Tá sainchúram soiléir ar bhord bainistíochta i scoil BOO (Bord Oideachais agus Oiliúna) an scoil sin a bhainistiú thar ceann an BOO de réir na reachtaíochta; ciorclán, treoirlínte agus nósanna imeachta ón Roinn Oideachais agus Scoileanna (an Roinn); agus aon bheartas nó straitéisí a d’fhéadfadh an BOO a leagan síos maidir le feidhmiú na scoileanna atá faoina chúram.
Ról rialachais is ea an príomhról atá ag bord bainistíochta. Is éard atá i gceist leis an rialachas ná treoir agus maoirseacht a sholáthar do scoil agus a chinntiú, ag an am céanna, go dtacaítear le cearta gach aon duine i bpobal na scoile agus go bhfuil an scoil freagrach as a cuid oibre. Is féidir feidhmeanna boird a aicmiú faoi thrí cheannteideal éagsúla go príomha:
- Ceapadh beartas agus pleanáil straitéiseach
- Monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm beartas, straitéisí agus pleananna
- Tacú leis an bpríomhoide agus le foireann na scoile
Feidhmeanna agus Freaghrachtaí an Bhoird Bainistíochta
| Ainm: | Bord Bainistíochta Choláiste Ráithín 2019-2024 | 
| Declan Whittle (Cathaoirleach) | Ainmní an Phobail | 
| Cllr Anne Ferris | Ainmní an BOOCDCM | 
| Aine Breathnach | Ainmní an BOOCDCM | 
| Roise Uí Labhraidh | Ainmní an Phobail | 
| Aoife Ní Bhuachalla | Ainmní na Tuismitheoirí | 
| Tomás O Ceallaigh | Ainmní na Tuismitheoirí | 
| Óran MacSearraigh | Ainmní na Múinteoirí | 
| Shauna Ní Bhaoill | Ainmní na Múinteoirí | 
| Siobhán Nic Loinnsigh | Rúnaí (sealadach) |