
Focal ón bPríomhoide
Fáilte romhat go Coláiste Ráithín, Gaelcholáiste faoi chúram an Bhord Oideachais agus Oiliúna Chill Dara agus Chill Mhantáin. Cuirtear an Ghaeilge i gcroílár ár bhfís oideachais, agus oibrímid go díograiseach chun grá buan don teanga a chothú inár scoláirí.
Is é Ad Totam Personam mana na scoile. Tugaimid gach deis dár scoláirí a lánchumas a bhaint amach agus oideachas leathan, liobrálach a fháil a thacaíonn lena bhforbairt acadúil, phearsanta agus sóisialta.
Creidim go láidir go bhfuil ról fíorthábhachtach ag gníomhaíochtaí seach-churaclaim i bhforbairt an scoláire. Tugann siad deis do scoláirí scileanna nua a fhorbairt, cairdeas a chothú agus féinmhuinín a threisiú. Tá áiseanna den scoth againn inár bhfoirgneamh nua, áit a leagtar béim ar mheas, ar chúram agus ar chomhionannas chun suíomh dearfach foghlama agus tacúil a chothú. Tá guth an scoláire agus guth tuismitheoirí/caomhnóirí lárnach i saol na scoile, agus tugtar meas agus éisteacht dóibh i gcónaí.
Le chéile, ullmhaímid ár scoláirí chun cur leis an sochaí ar bhealach dearfach, freagrach agus muiníneach.
Le meas
Siobhán Nic Loinnsigh
Príomhoide
Focal ón bPríomhoide Tánaisteach
Is mór an phribhléid domsa a bheith mar chuid de phobal Choláiste Ráithín agus an deis agam timpeallacht foghlama agus forbartha a mhúnlú agus a neartú anseo. Tuigim an tábhacht a bhaineann le hoideachas agus táim paiseanta faoin oideachas lán-Ghaeilge. Tá cur chun cinn na Gaeilge, cultúr agus oidhreacht na tíre mar chuid lárnach de mo chleachtas gairmiúil agus beidh sé mar bhunchloch d’fhís mar Phríomhoide Tánaisteach i gColáiste Ráithín.
Chuige sin, is í an aidhm atá agam ná go gcríochnóidh scoláirí a saol scoile i gColáiste Ráithín le tuiscint mhaith acu ar an saol atá timpeall orthu, le meas acu ar an nGaeilge agus le cumas dá réir inti. Chomh maith leis sin, go mbeidh eitic dhearfach acu agus iad réidh chun ionchar suntasach a bheith acu i sochaí na tíre, mar atá déanta ag scoláirí Choláiste Ráithín ón mbliain 1991.
Las lóchrann an léinn agus muscail an fhoghlaim.
Le meas
Michelle de Bhailís
Príomhoide Tánaisteach