Coláiste Ráithín

Beidh geata an chuan ar oscailt ón Mháirt 11 Feabhra. Léigh an litir ón ROS iniata led'thoil

07-Feabhra-20

Tá an chuid dheireanach den chonair rothaíochta curtha i gcrích ag Comhairle Chontae Chill Mhantáin, mar chuid d'Oibreacha Infreastruchtúir Chuan Bhré, chun nasc a dhéanamh le Underbridge (íosbhealach) Iarnród Éireann in aice le suíomh na scoile.

Tá comhaontú curtha ar bun ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, tar éis di dul i dteagmháil le Córas Iompar Éireann / Iarnród Éireann, chun rochtain a oscailt ar an íosbhealach chun rochtain coisithe agus rothaithe a cheadú do mhic léinn na scoile. Tá an socrú seo leagtha amach go foirmeálta faoi Chomhaontú Ceadúnais idir an Roinn Oideachais agus Scileanna agus Córas Iompar Éireann / Iarnród Éireann.

Chuir an Roinn Oideachais agus Scileanna in iúl don údarás scoile go n-osclófar rochtain ar an íosbhealach, ag teacht leis an gComhaontú Ceadúnais, do mhic léinn atá ag taisteal ar chos nó ar rothar ó Limistéar Chuan Bhré ón Máirt 11 Feabhra 2020.

Is é an pointe seachadta ná taobh ó dheas de Chlub Dornálaíochta Bhré. Tá cosc ar pháirceáil ag an mbealach isteach chuig an íosbhealach nó lasmuigh den áitreabh gnó in aice láimhe an t-am ar fad.

Beidh an t-amchlár le haghaidh rochtana tríd an íosbhealach teoranta d'uair a’chloig ar maidin agus uair a’chloig san iarnóin.

Seo a leanas na huaireanta a osclóidh na geataí íosbhealaigh i rith an téarma:

Oscailt maidin: 07.55 go 08.55 Luan go hAoine le linn am scoile.

Oscailt tráthnóna: 15:30 go 16:30 Luan, Máirt agus Déardaoin le linn am scoile

13.05 go 14.05 Dé Céadaoin le linn am scoile.

15.10 go 16.10 Dé hAoine le linn am scoile.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go mbeidh na geataí chuig an íosbhealach dúnta agus faoi ghlas ag amanna eile agus níl aon rogha ag údaráis na scoile eisceachtaí a dhéanamh maidir leis na socruithe seo.

Lún 21
2025
Gach dalta ar ais i ranganna ag 8.42
D.Fómh 13
2025
Lá Traenála-Scoil Dúnta
Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
01 2865180, Hours: 8:30 – 4pm
Location
© 2025 Coláiste Ráithín