
Tugann clár na Scoileanna Glasa deis do scoláirí seilbh a ghlacadh ar an gcomhshaol agus is féidir leo athrú dearfach a chruthú ina bpobal áitiúil. Aidhm amháin atá leis an gclár seo ná chun dámhachtain idirnáisiúnta comhshaoil a bhaint amach don scoil agus cuireann sé go suntasach le curriculum vitae an scoláire.
Trí bheith mar chuid de Choiste na Scoileanna Glasa méadaítear muinín na scoláirí, a gcumas fadhbanna a réiteach, scileanna cumarsáide agus eagrúcháin. Baineann go leor scoláirí leas as an taithí seo le buachan ballraíocht ar Chomhairlí Mac Léinn agus ar Choistí na Scoileanna Glasa ag leibhéal na hollscoile.