Comhghairdeas ó chroí le Finn Mc Namee (Bithleigheas) & Jonah Burke (Stair & fealsúnacht) a bhain scoláireachtaí iontrála d'Ollscoil Bhaile Átha Cliath (UCD) amach. Comhghairdeas ollmhór le Ellie Ní Riain freisin a bhain gradam iontrála i gColáiste na Tríonóide amach. Guímid gach rath orthu san ollscoil. Táimid uile an-bhródúil asaibh.