Coláiste Ráithín

Cinnirí & Ardchinnirí

Cinnirí & Ardchinnirí – Ceannaireacht i gColáiste Ráithín

I gColáiste Ráithín, tá ról lárnach ag na Cinnirí i gcruthú atmaisféar scoile atá dearfach, measúil agus bríomhar. Roghnaítear ár gCinnirí de bharr a gcuid scileanna ceannaireachta, a ndílseacht don scoil agus a dtoilteanas a bheith mar dhea-shampla do dhaltaí eile. Cothaíonn siad úsáid na Gaeilge, seasann siad do luachanna agus éiteas na scoile agus cuidíonn siad le spiorad phobal na scoile a neartú.

Cuidíonn na Cinnirí le raon leathan gníomhaíochtaí i rith na bliana – imeachtaí scoile, laethanta oscailte, maoirseacht ar an leabharlann, cruinnithe tuismitheoirí agus cúram ginearálta na scoile. Tacaíonn siad le scoláirí níos óige mar aon le comhoibriú le foireann na scoile agus iad i gcónaí dílis do theanga cumarsáide na scoile, an Ghaeilge.

Ag tús na cúigiú bliana, tugtar cuireadh do dhaltaí iarratas a dhéanamh. Déanann coiste múinteoirí na hiarratais a scrúdú, cuirtear rannpháirtíocht an dalta i saol na scoile agus a thaifead iompair san áireamh. As an ngrúpa seo, ag tús na séú bliana, roghnaítear na hArdchinnirí – Ardchinnire na mbuachaillí agus Ardchinnire na gcailíní. Is iad seo ionadaithe oifigiúla na scoláirí agus gníomhaíonn siad mar ambasadóirí na scoile ag ócáidí éagsúla.Cuireann an córas Cinnirí ar chumas scoláirí scileanna ceannaireachta agus cumarsáide a fhorbairt, cur go dearfach le saol na scoile, agus saol an phobail a shaibhriú de réir mana na scoile; “Ad Totam Personam”.

Ardchinnirí - Bl6
  • Luke Cotter
  • Abaigael Ní Nualláin

photo2_rounded (2)_separate.png

Cinnirí - Bl5
  • Alice Megannety
  • Lauryn Traynor
  • Ella Ní Fhiannachta
  • Meadbh Kirschner
  • Sebastian Godfrey
  • Eoin Mac Aodhagáin
  • Maria de Róiste
  • Baylee Aremu

group_photo_rounded (1)_separate.png

Beal 19
2026
Gradam Bl 4
Beal 20
2026
Bronnadh na nDuaiseanna
Beal 21
2026
Gradam Bl6
Beal 25
2026
Seachtain Bí Cinealta/Folláine
15-Aib-2026
Information Night for incoming First Year Parents & Students will take place in the school on Thursday 30th April at 7pm. Beidh oíche eolais do thuistí & scoláirí Bl 1 2026 Déardaoin 30 Aibreán 7.00 i.n. Táimid ag súil go mór buaileadh libh!
© 2026 Coláiste Ráithín