www.ráithín.ie

Imeachtaí Idirbhliana

Imeachtaí: Mí na Nollag-Márta
12-Márta-19

1. 9 Eanáir 2019: TG Life Coaching. Ceardlann le haoichainteoir, Tracy. Tháinig Tracy chun cainte le daltaí na hidirbhliana. Labhair sí faoin ullmhúchán a bhíonn ag teastáil le haghaidh agallaimh. Thaitin an cheardlann seo go mór leis na daltaí agus d’fhoghlaim siad go leor scileanna tábhachtacha.
2. 15 Eanáir 2019: D’fhreastail daltaí na hidirbhliana ar seó de chuid Ger Carey, Psycho Spaghetti san amharclann Mermaid i mBré. Is fuirseoir é Ger agus bhain na daltaí an-taitneamh as.
3. 16 Eanáir 2019: Bhailigh daltaí na hidibhliana airgead chun páirt a ghlacadh i lá spóirt ag imirt cispheile le Cumann Cathaoireacha Rothaí na hÉireann. Chosnaigh an lá €1,000 agus tá €400 fós le bailiú againn. Chuaigh Michelle, Nick agus daltaí na hidirbhliana go dtí an tIonad Náisiúnta Uisce agus bhí an-lá ag gach duine. D’éirigh le foireann Choláiste Ráithín an tríú háit a bhaint amach sa chomórtas.
4. 3 – 15 Feabhra 2019: Rinne daltaí na hidirbhliana treimhsí taithí oibre agus fuair siad aiseolas an-dearfach óna háiteanna a ghlac leo don fhorbairt ghairmiúil a bhíonn le déanamh mar chuid de chlár na hidirbhliana.
5 12 – 15 Feabhra 2019: Turas thar lear. Chuaigh grúpa chuig an Iodáil ar feadh ceithre lá. Roghnaigh na daltaí an Iodáil mar cheannscríbe agus bhí turas iontach acu. D’fhan siad in Lake Garda agus thug siad cuairt ar bhailte stairiúla Malcesine, Sirmione, Garda Town, Venice, Bergamo agus Milan. Bhí raon leathan imeachtaí le déanamh gach lá agus bhain na daltaí an-taitneamh as an Iodáil. Míle buíochas le múinteoirí Shauna, Nick agus Conall a chuaigh ar an turas.
6 27 Feabhra 2019: Aoichainteoir Joseph Keating. Tháing Joseph chun cainte leis na daltaí mar gheall ar shabháilteacht san áit oibre. Thug sé treoracha agus moltaí an-úsáideacha do na daltaí. Chomh maith leis sin thug sé leabhar saothair do gach dalta agus beidh Teastas: Sábháilteacht san Áit Oibre ar fáil d’aon dalta a chríochnaíonn na tascanna ar fad.
7 28 Feabhra 2019: Chuaigh daltaí na idirbhliana chuig ceardlann folláine san amharclann Mermaid. Bhí aoichainteoirí ann agus tugadh deis do dhaltaí ceisteanna a chur agus topaicí a phlé. Míle buíochas do mhúinteoirí Catherine agus Louise a chuaigh leo.
8 5 Márta 2019: Chuaigh daltaí na hidirbhliana chuig an IFI chun féachaint ar scannán gearmáinise, Das Schweigende Klassenzimmer (The Silent Revolution). Bhain na daltaí an-taitneamh as an scannán agus as an turas go lár na cathrach. Míle buíochas le múinteoirí Louise agus Éanna a bhí leo.
9 Siopa na scoile: Tá daltaí na hidirbhliana ag reáchtáil siopa na scoile ó thús mhí na Samhna. Tá siad ag déanamh obair iontach agus ag foghlaim scileanna tábhachta gnó. D’eagraigh siad Lá na Spáinne agus Lá na Gearmáine le déanaí chun na teangacha iasachta a chéiliúradh. Beidh Lá Gaelach agus Lá na Fraince sa siopa roimh dheireadh na míosa seo. Is fiontraithe den scoth iad!
10 Dráma na hidirbhliana: Tá cleachtadh tosaithe ar an dráma. Tá na daltaí ag foghlaim línte, rincí agus amhrán faoi stiúir na múinteoirí, Catherine agus Conall. Ádh mór oraibh.

Bealt 06
2024
Scoil Dúnta
Bealt 20
2024
Scrúduithe Tí
Bealt 21
2024
Gradam B4
Bealt 23
2024
Gradam B6
Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
01 2865180
Location
© 2024 www.ráithín.ie