www.ráithín.ie

Cluiche i gcoinne Woodbrook

20-Nollaig-18

Coláiste Ráithín Vs Coláiste Woodbrook

Ní raibh rith an ráis le foireann Pheil Ghaelach na chéad bhliana, a d’imir in aghaidh Coláiste Woodbrook inné agus caifear a rá dá mbeadh cúig nóiméad eile curtha leis an gcluiche b’fhéidir go mbeadh toradh difriúil againn daoibh!

Chuir foireann Choláiste Ráithín tús láidir leis an gcluiche agus d’eirigh le Luke cúilín breá a aimsiú ar luas lasrach. Bhí obair chrua á dhéanamh ag Charlie agus Luke i lár na páirce ó thús agus bhí na lán-tosaithe, Luca agus Cian ag tabhairt na seansanna a bhí á chruthú ag an mbeirt sa lár chun críche.

Faraor, d’éirigh le Woodbrook seilbh a choiméad ar an liathróid agus as sin d’éirigh leo cúpla seans iontach a chruthú .Caifear a rá go raibh tosaithe Woodbrook an-chliniciúil agus iad ag dul i dtreo an chúil. Ní raibh pasanna á chur amú acu agus ní minic a cuireadh an liathróid ar fóraoil. Cé go raibh fórmhór na seilbhe ag Woodbrook ní raibh ach dhá chúl idir an dá fhoireann ag leath-am, 5-2 in aghaidh 3-2.

Ag tús an dara leath d’éirigh le Luke seilbh na liathróide a fháil agus thug sé pas álainn isteach chuig na tosaithe agus as sin d’aimsigh Luca pointe den scoth. Cúpla nóiméad níos déanaí bhronn an réiteoir Mossy Gaskin cic éirice ar Luke . Thóg Luke an chic éirice sin ach faraor chuir sé an liathróid ar fóraoil.

D’athraigh móiminteam an chluiche ansin agus d’éirigh le foireann Choláiste Woodbrook cúpla cúl a aimsiú cé go raibh cosaint den scoth á dhéanamh ag Mattias, Shane C, Ruadhraí, Cathal agus Fionn.

Ní raibh ach cúig nóiméad fágtha sa chluiche nuair a d’éirigh le Fionn cúilín a aimsiú agus chuir Luke an liathróid san eangach ceithre huaire as a chéile! Caifear a rá go raibh críoch craiceáilte leis an gcluiche seo.

Go luath ina dhiaidh sin shéid an réiteoir an fhéadóg. Bhí an t-am istigh. Bhí mí-ádh ar Choláiste Ráithín ach mar a deir an seanfhocal: Beidh lá eile ag an bPaorach!

Scór deireanach : Coláiste Ráithín: 7-2 Coláiste Woodbrook: 9-7

Réiteoir: Tom ‘Mossy’ Gaskin

Scórálaithe: Luke 7-2 Fionn 0-1 Luca 0-1

Már 25
2024
Saoire na Cásca
Bealt 06
2024
Scoil Dúnta
Bealt 20
2024
Scrúduithe Tí
Bealt 21
2024
Gradam B4
Bóthar Bhaile Átha Cliath, Bré, Co. Chill Mhantáin.
01 2865180
Location
© 2024 www.ráithín.ie